skip to main content

Rialtas le hidirghabháil a dhéanamh sa chás in aghaidh Iosrael

Cás na hAfraice Theas á éisteacht sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig i mí Feabhra seo caite
Cás na hAfraice Theas á éisteacht sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig i mí Feabhra seo caite

Tá Rialtas na hÉireann le hidirghabháil a dhéanamh sa chás atá an Afraic Theas a thabhairt in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig.

Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag an Afraic Theas go bhfuil cinedhíothú ar bun acu in Gaza.

Ní ag tacú le cás na hAfraice Theas ná ag cur ina aghaidh a bheas Rialtas na hÉireann.

Seachas ceachtar den dá rud sin, cuirfidh an Rialtas dearbhú os comhair na cúirte ina leagfar amach léamh na tíre seo ar an gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cinedhíothú.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, gur tubaiste dhaonna a bhí i suíomh an tsaoil in Gaza agus dúirt go bhfuil an líon daoine atá á mharú ann "dochreidte".

Thug sé le fios gur gearr go mbeidh sé ina ghorta in Gaza mar gheall ar an mbac atá na hIosraelaigh a chur ar chabhair dhaonnúil a thabhairt isteach ann.

Dar leis an Afraic Theas go bhfuil Airteagal 2 den choinbhinsiún maidir le cinedhíothú sáraithe ag na hIosraelaigh san iamhchríoch Phalaistíneach.

Deir siad go bhfuil patrún córasach le feiceáil in iompar na nIosraelach in Gaza ar féidir a mhaíomh dá bhíthin gur cinedhíothú atá ar bun acu ann.

De réir an choinbhinsiúin a ritheadh i 1948, is é is cinedhíothú ann gníomhartha a dhéantar le rún cine, grúpa náisiúnta, grúpa eitneach nó grúpa creidimh faoi leith a scriosadh nó a dhísciú.

Creideann an Afraic Theas go mbaineann an sainmhíniú seo le hábhar i gcás a bhfuil na hIosraelaigh a dhéanamh gach lá le cúig mhí go leith in Gaza, áit a bhfuil os cionn 30,000 duine maraithe acu – sibhialtaigh a bhformhór – gan trácht ar na scórtha míle atá gortaithe acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ