skip to main content

'Réiteach inbhuanaithe ar cheist na himirce de dhíth' – Harris

An OIfig um Chosaint Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath
An OIfig um Chosaint Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath

Dúirt ceannaire Fhine Gael Simon Harris nár mhór d'Éirinn éirí as dul i ngleic leis an inimirce mar éigeandáil agus ina áit sin réiteach réamhbheartaithe agus inbhuanaithe a fháil ar an gceist.

Ghlac an Chomhaireacht tráthnóna inniu le moladh nua ón Aire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman faoin gceist.

Mhol an tAire O'Gorman gan brath a thuilleadh ar an earnáil phríobháideach le lóistín a chur ar fáil d'iarrrthóirí tearmainn agus an cúram sin a bheith ar an Stát feasta.

Chuige sin, mhol sé lóistín a chur ar fáil d'iarrrthóirí tearmainn in oifigí atá díomhaoin agus in aonaid mhodúlacha ar thalamh leis an Stát. Mhol sé freisin ionaid úrnua lóistín a thógáil in áiteanna éagsúla sa tír.

Idir an méid sin ar fad, is 14,000 leaba a chuirfeadh an Stát ar fáil as seo go 2028, sin ceithre oiread níos mó ná mar a bhí i gceist ar an gcéad dul síos.

Bheadh roinnt leapacha príobháideacha ag teastáil freisin.

Ina cheann sin, tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le moladh don Chomhaireacht go mbeadh Éire rannpháirteach i gcomhaontú nua an Aontais Eorpaigh maidir le tearmann agus imirce.

Dá nglacfaí lena moladh, bheadh ar an Rialtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach as seo go ceann dhá bhliain le teacht in áit an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta a bhfuil feidhm leis ó 2015.

Faoin gcomhaontú nua, dar leis an Aire McEntee, phróiseálfaí iarratais ar thearmann níos luaithe agus dhíbreofaí daoine as an tír níos luaithe.

Faoi láthair, ceadaítear tearmann do cheathrar as gach deichniúr a iarrann é.

Tá sé ráite ag an Aire McEntee cheana gur mian leis an Rialtas a chur in iúl do dhaoine ó 'thíortha sábháilte' a thagann chun na tíre seo ar chúiseanna eacnamaíochta nach mbeidh aon ghlacadh leo.

Áit nach bhfuil géarleanúint, céasadh, drochíde nó coimhlint, sin é is brí go hoifigiúil le 'tír shábháilte'.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ