Tá an triúr a maraíodh i dtimpiste bóthair a bhí i gCo Mhaigh Eo inné ainmnithe go háitiúil.
B'in iad Úna Bowden, a bhí 47 bliain d'aois, agus a híníonacha Ciara, a bhí ceithre bliana déag, agus Saoirse, a bhí naoi mbliana.
Bhí siad ina gcónaí i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe agus bhí siad ar a mbealach abhaile nuair a bhuail an gluaisteán ina raibh siad agus leoraí faoina chéile ar bhóthar an N17 in aice le Clár Chlainne Mhuiris ag thart ar 2 a chlog inné.
Tá fear céile Úna Bowden, athair na gcailíní, ag obair thar lear agus tá sé le fillleadh ar Éirinn a luaithe is féidir.
Tá comhbhrón déanta ag Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn le teaghlach agus le cairde na marbh.
Bhí muintir Bowden páirteach sa chumann agus roghnaíodh Ciara le gairid ar fhoireann faoi 14 na Gaillimhe.
Tugadh coirp an triúir chuig Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh aréir agus bhí scrúduithe iarbháis le déanamh orthu ansin inniu.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu teacht chun cainte leo.
D'achainigh siad freisin ar dhaoine gan íomhánna de láthair na timpiste a fhoilsiú ar na meáin shóisialta.
Fágann an tubaiste is deireanaí seo go bhfuil 54 duine maraithe ar bhóithre an Stáit ó thús na bliana, sin dháréag níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ