skip to main content

Gaza: ospidéil timpeallaithe agus á n-ionsaí ag fórsaí Iosrael

Corp á thabhairt amach as foirgneamh a bhuamáil fórsaí Iosrael in Rafah, Gaza, 27 Márta 2024
Corp á thabhairt amach as foirgneamh a bhuamáil fórsaí Iosrael in Rafah, Gaza, 27 Márta 2024

Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí Iosrael 66 duine in áiteanna éagsúla in Gaza ó aréir, cathair Rafah i ndeisceart na hiamhchríche Palaistíní ina measc.

Tá 1.5 million duine dingthe isteach in Rafah ar teifigh iad ó cheantair eile in Gaza a leath acu.

Tá na teifigh ina gcónaí i mullach a chéile i ngach cearn is clúid den chathair agus tá na céadta míle acu ar an ngannchuid agus fágtha gan riar a riachtanais.

I gCathair Gaza, i dtuaisceart na hiamhchríche, tuairiscítear go bhfuil fórsaí Iosrael fós ag iarraidh seilbh a ghabháil ar Ospidéal Al-Shifa agus go bhfuil siad á ionsaí go tréan.

Deir na hIosraelaigh go bhfuil 170 comhraiceoir Palaistíneach maraithe acu agus go bhfuil na céadta eile gafa acu ó thosaigh siad ag ionsaí an ospidéil.

Tá dhá ospidéal i gcathair Khan Yunis timpeallaithe ag fórsaí Iosrael chomh maith agus deir aireacht sláinte Hamas gur maraíodh dáréag, leanaí ina measc, nuair a scaoil na hIosraelaigh diúrácáin le campa teifeach sa cheantar.

Maidir le cabhair dhaonnúil, tá Hamas ag achainí ar na Stáit Aontaithe agus ar thíortha eile éirí as soláthairtí fóirithinte a ligean anuas ón aer tar éis d'ocht nduine dhéag bás a fháil sa sciob sceab a bhí orthu inné.

Is cosúil gur báthadh dháréag den ocht nduine dhéag nuair a chuaigh siad i ndiaidh soláthairí bia san fharraige.

Ina ainneoin sin, deir na Stáit Aontaithe go leanfaidh siad orthu ag ligean earraí anuas ón aer.

Tá Gaza faoi léigear ag na hIosraelaigh le cúig mhí go leith agus tá na Náisiúin Aontaithe agus deontóirí eile ag éileamh ar na hIosraelaigh na bóithre isteach san iamhchríoch a oscailt láithreach agus cabhair dhaonnúil a ligean isteach ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ