Tháinig suas le míle duine chuig cruinniú poiblí i mBun Cranncha i gCo Dhún na nGall aréir le scannal na mbrící lochtacha a phlé.
Is iad Grúpaí Gnímh Míoca Dhún na nGall a d'eagraigh an cruinniú agus bhí cuireadh tugtha acu d'ionadaithe polaitiúla teacht i láthair an chruinnithe lena dtuairim a thabhairt faoi cháipéis atá curtha i dtoll a chéile ag na grúpaí gnímh faoin scannal.
Leagtar amach sa cháipéis, dá ngairtear Guth an Phobail, an tuiscint atá ag na grúpaí gnímh ar an téarma 'cúiteamh iomlán 100%' d'úinéirí tithe a tógadh le brící lochtacha. Bhí aguisíní breise curtha leis an cháipéis tar éis cruinnithe poiblí eile a eagraíodh níos luaithe an mhí seo.
Bhí ceathrar de chúigear Teachtaí Dala Dhún na nGall i láthair an chruinnithe. B'in iad Thomas Pringle, Neamhspleách; Joe McHugh ó Fhine Gael; Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin agus Pearse Doherty ó Shinn Féin.
I litir ón Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue a léadh sa chruinniú, dúradh nach bhféadfadh sé a bheith i láthair de bhrí go raibh air freastal ar chruinniú den Chomhairle Iascaigh agus Talmhaíochta sa Bhruiséil.
Dúirt an Seanadóir Niall Blaney ó Fianna Fail i dteachtaireacht nach mbeadh sé i láthair mar go raibh sé "i mbun feachtasaíochta don toghchán".
Chuir an Feisire Eorpach Luke Flanagan teachtaireacht nach bhféadfadh sé bheith i láthair ar chúiseanna pearsanta ach d'éiligh sé fiosrúchan iomlán neamhspléach faoi scannal.
Chuir na Daonlathaithe Sóisialta scéala go mbeadh fonn orthu obair leis na grúpaí gnímh.
Bhí comhairleoirí áitiúla i láthair fosta.
Thacaigh an ceathrar Teachtaí Dala leis an cháipéis.
Dúirt Joe McHugh gur chaill sé aoireacht agus gnaoi a pháirtí féin nuair a vótáil sé in éadan na scéime cúitimh atá ann faoi láthair. Dar leis nach bhfuil an scéim sin maith go leor.
Cé gur thacaigh Pádraig Mac Lochlainn agus Pearse Doherty leis an cháipéis, cuireadh ina leith le linn ceisteanna ón urlár nár thacaigh siad iomlán go leor leis.
Gheall Pearse Doherty dá mbeadh se féin agus a pháirtí i gcumhacht go n-aimseodh sé an t-airgead le costas iomlán athchóiriú na dtithe a íoc.
Dúirt sé nach mbeadh sé ábalta geallúint a thabhairt go fóill faoi thithe a bhí ligthe ar cíos a athchóiriú go dtí go mbeadh íoctha ar dtús as príomhthithe cónaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ