skip to main content

Bean, beirt leanaí maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo

Láthair na tionóisce in aice le Clár Chlainne Mhuiris, Co Mhaigh Eo
Láthair na tionóisce in aice le Clár Chlainne Mhuiris, Co Mhaigh Eo

Maraíodh bean agus beirt chailíní óga i dtimpiste bóthair a bhí in aice le Clár Chlainne Mhuiris i gCo Mhaigh Eo inniu.

Maraíodh an triúr nuair a bhuail an gluaisteán ina raibh siad agus leoraí faoina chéile ar bhóthar an N17 sa Chaisleán Gearr ó thuaidh de Chlár Chlainne Mhuiris go gairid tar éis am lóin.

Tá coirp na marbh le tabhairt chuig Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh, áit a ndéanfar scrúduithe iarbháis orthu.

Tá an bóthar dúnta agus tá scrúduithe teicniúla le déanamh ar láthair na timpiste ag na Gardaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ