Níl aon ghlacadh ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee le hiarratas ó Chumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána téarmaí sainordaitheacha príosúin a ghearradh ar dhaoine a ionsaíonn Gardaí agus iad i mbun a gcuid dualgas.
Ag labhairt di ag comhdháil bhliantúil an Chumainn i gCathair na Mart i gCo Mhaigh Eo, thug an tAire McEntee le fios cé gur ghlac sí leis go raibh na hionsaithe agus an t-imeaglú a dhéantar ar Ghardaí ag dul i méid gur beart as cuimse a bheadh ann téarmaí sainordaitheacha príosúin a ghearradh ar chiontóirí.
Mar sin féin, dúirt sí go gcaithfí deireadh a chur leis an nós atá ann gach rud a deir agus a dhéanann Gardaí a thaifeadadh ar cheamaraí fóin.
Chomh maith leis sin, dúirt an tAire McEntee gur thacaigh sí le hiarratas an Chumainn Sháirsintí agus Chigirí an líon Gardaí sa tír a mhéadú go dtí 18,000. Beagán le cois 14,000 Garda atá ann faoi láthair.
Os a choinne sin, thug sí le fios nár thacaigh sí le hiarratas an Chumainn go gcuirfeadh an Rialtas lóistín ar fáil do Ghardaí óga go háirithe.
Dar leis an gCumann go bhfuil sé dodhéanta ag Gardaí lóistín inacmhainne a fháil ar na saolta seo.
Ni féidir daoine nua a earcú ná a choinneáil mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta, a deir an Cumann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ