Tá fear agus bean tar éis bháis de bharr dóiteáin a bhí ina dteach cónaithe in aice le Béal Átha na Muice i gCo Mhaigh Eo.
Is ag thart ar 2 a chlog ar maidin a chuaigh an teach trí thine.
Bhí an tine imithe ó smacht faoin am a bhain na seirbhísí dóiteáin an láthair amach, áfach.
Is i bPáirc na bhFianna, cúpla ciliméadar soir ó dheas ó Béal Átha na Muice, a tharla an tubaiste.
Lánúin phósta aithnidiúil a bhí sa bheirt a maraíodh – Tom agus Eileen Mahon – agus bhí a ngnó féin acu i mBéal Átha na Muice ar feadh blianta fada.
Tá scrúdú teicniúil le déanamh ar láthair an dóiteáin inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ