skip to main content

Ceathrar iarrthóirí ag feachtasóirí míoca sna toghcháin áitiúla

Ali Farren agus Tomás Seán Devine
Ali Farren agus Tomás Seán Devine

Tá páirtí nua polaitíochta a thacaíonn le húinéirí tithe míoca chun ceathrar iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall.

Tá an páirtí nua, dá ngairtear Cúiteamh 100%, ag éileamh go dtabharfaí cúiteamh iomlán do dhaoine i nDún na nGall agus in áiteanna eile ar tógadh a dtithe le coincréit a raibh míoca nó ábhar lochtach eile ann.

Dar leis an bpáirtí nach bhfuil an scéim chúitimh atá ann faoi láthair sách maith agus nach bhfuil páirtithe polaitíochta eile ag tacú a ndóthain le húinéirí tithe atá thíos leis.

Ina cheann sin, a deir Cúiteamh 100%, beidh an ceathrar iarrthóirí ag tarraingt aird ar an ngéarcheim tithíochta agus ar staid na seirbhísí sláinte i nDún na nGall.

Dúirt cathaoirleach an pháirtí Tomás Seán Devine go raibh siad ag iarraidh misneach a thabhairt do dhaoine óga atá ag fágáil na tíre, muinín sa daonlathas a chothú as an nua, agus oscailteacht agus ionracas a thabhairt isteach sa pholaitíocht áitiúil.

Beidh Tomás Seán Devine é féin ina iarrthóir i dtoghcheantar Leitir Ceanainn.

Is iad an triúr iarrthóirí eile oifigeach caidreamh poiblí an pháirtí Ali Farren (Carn Domhnach), Éamonn Jackson (Baile na nGallóglach) agus Charles Ward (Droim Caoin).

Ceaptar gur i dtús an Mheithimh a reáchtálfar na toghcháin áitiúla ach níl an dáta deimhnithe fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ