Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí Iosrael 70 duine in Gaza ó aréir ainneoin an rúin a rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe inné ag éileamh sos comhraic a chur i bhfeidhm san iamhchríoch Phalaistíneach láithreach.
De réir aireacht sláinte Hamas, maraíodh tri dhuine dhéag den 70 de bharr ionsaithe aeir a rinne na hIosraelaigh thart ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza.
Sa rún a ritheadh sna Náisiún Aontaithe inné, éilíodh sos comhraic a chur i bhfeidhm as seo go deireadh Ramadan i gceann coicíse agus tús a chur le comhráite faoina bhuanú ina dhiaidh sin.
Éilíodh freisin ar Hamas na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza a scaoileadh saor.
Ritheadh an rún nuair a staon na Stáit Aontaithe, an comhghuaillí is mó atá ag na hIosraelaigh.
Na ceithre bhallstát déag eile den Chomhairle Slándála, vótáil siad i bhfabhar an rúin.
Cháin Rialtas Iosrael an rún ach chuir Hamas fáilte roimhe.
Thug Hamas le tuiscint go mbeidís sásta na gialla Iosraelacha a scaoileadh saor dá scaoilfeadh na hIosraelaigh saor cimí Palaistíneacha atá siadsan a choinneáil go neamhdhleathach.
Rún eile ar fad dá gcuid féin, áfach, atá ag na hIosraelaigh, a deir siad – is é sin rún daingean ionradh iomlán a dhéanamh ar Rafah tar éis go bhfuil na Stáit Aontaithe agus neart tíortha eile ag achainí orthu gan dul ar aghaidh leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ