Tá suas le 20 duine ar iarraidh tar éis do dhroichead thar abhainn tabhairt uaidh i gcathair Baltimore in oirthear na Stát Aontaithe.
Thug an droichead uaidh nuair bhuail long ceann de na piléir thaca ina lár ag thart ar 1.30 ar maidin, am na háite.
Meastar gur thit seacht bhfeithicil san abhainn ach níltear cinnte fós cé mhéad duine a bhí iontu.
2.6 ciliméadar ar fhad atá Droichead Francis Scott Key a théann trasna Abhainn Patapsco in iardheisceart Baltimore.
Droichead cruach trus is ea é a bhfuil ceithre lána ann agus ar ceann de mhórbhealaí stát Maryland é. Osclaíodh é i 1977 agus téann os cionn 11 milliún feithicil thairis gach bliain.
Is cosúil gur lastlong atá cláraithe i Singeapór atá san árthach a bhuail an droichead.
Dúradh thar ceann an chomhlachta ar leo an long go raibh beirt phíolótaí ar bord ag an am. Dúradh freisin go raibh gach duine den chriú slán sábháilte.
Tá Baltimore ar cheann de na calafoirt is gnóthaí sna Stáit Aontaithe agus téann an Patapsco isteach i gCuan Chesapeake ar thairseach an Aigéin Atlantaigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ