skip to main content

An Rúis fós ag amhras faoin Úcráin i dtaca le hionsaí na hAoine

Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ag léiriú comhbhróin
Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ag léiriú comhbhróin

Sa Rúis tá oibrithe tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar a thuilleadh corp sa smionagar tar éis ionsaí na hAoine seo caite (22Márta) ar Halla Ceolchoirm i Moscó.

Go dtí seo tuigtear go bhfuil breis is 130 duine marbh.

Grúpa a bhfuil baint acu le Stát Ioslamach a ghlac freagracht as an ionsaí.

Neart bláthanna fágtha le taobh an ionaid

Ní fhaca talamh na Rúise ionsaí chomh marfach leis seo le beagnach scór bliain.

Leanann oibrithe tarrthála leis an gcuardach sa smionagar in ionad na ceolchoirme a dódh go talamh sa phríomhcathair Moscó.

B'amhlaidh a réab fir ghunna isteach san áit ag scaoileadh fúthu is tharstu Dé hAoine seo caite.

Fágadh breis is130 duine marbh, níos mó ná 180 gonta.

Tá Meiriceá ag rá gur geall le obair ISIS é agus go raibh fainic curtha aige ar oifig faisnéise na Rúise níos túisce sa mhí go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú.

Deir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron nach bhfuil aon amhras airsean gur grúpa leis an Stát Ioslamach a bhí freagrach, agus go bhfuil lucht ISIS an-ghniomhach sa Fhrainc le tamall.

Seachtar ar fad gafa anois ag údaráis na Rúise dar le nuachtáisíneacht TASS

Tá Rialtas na Rúise féin siniciúil go maith faoi ráitis Mheiriceá agus na Fraince.

Is fearr leis an Kremlin amhras a chaitheamh i dtreo na hÚcráine ag rá gur ag iarraidh teitheadh chun na tíre sin a bhí na gunnadóirí sular gabhadh an ceathrar i réigiún Bryansk, breis is 200 míle ó dheas de Mhoscó.

Séanann an Úcráin aon bhaint a bheith aici le uafás na hAoine.

Tugadh os comhair cúirte aréir i Moscó na gunnadóirí, saoránaigh de chuid na Tacastáine iad uilig.

Tá sé i gceist iad a choinneáil go gcuirfear ar a dtriail iad ar an 22 Bealtaine.

Deir nuachtáisíneacht na Rúise,TASS, gur dócha go bhfaighidh siad príosún saoil má chiontaítear iad.