skip to main content

Fear cúisithe i ndúnmharú Ian Baitson an tseachtain seo caite.

Ian Baitson
Ian Baitson

Tá fear 30 bliain d'aois tughta os comhair cúirte cúisithe i ndúnmharú Ian Baiston in An Cóbh, Co. Chorcaí.

Tugadh Dylan Scannell, as Sr. Uí Rathaille, An Cóbh os comhair shuí speisialta de Chúirt Dúiche Mhainistir na Corann ar maidin, mar ar cúisíódh é i ndúnmharú Ian Baiston ag an mBaile Nua, An Cóbh.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Ger O'Shaughnessy fianaise faoi Dylan Scannell a ghabháil inné agus dúirt nár thug Scannell aon fhreagra ar an gcúiseamh ná ar an rabhadh a tugadh dó.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Ger O'Shaughnessy fianaise faoi Dylan Scannell a ghabháil inné agus dúirt nár thug sé aon fhreagra ar an gcúiseamh ná ar an rabhadh a tugadh dó.

De bharr an chúisimh ní raibh aon iarratas ar bhannaí, ach d'iarr dlíodóir Dylan Scannell go dtabharfaí saorchúnamh dlí dá chliant.

Cheadaigh an Breitheamh Colm Roberts an t-iarratas ar shaorchúnamh agus chuir Dylan Scannell siar faoi choinneáil go dtí Cúirt Dúiche Mhala amárach.

Fuair Ian Baitson bás trí lá tar éis ionsaí air i gcarrchlós sa Chóbh an 16 Márta seo caite. Bhí sé ina chócaire agus bhí beirt pháistí aige.