Tá fear 25 bhliana d'aois tugtha os comhair na cúirte san Iúr agus é cúisithe i ndúnmharú a athar agus in iarracht dúnmharaithe ar a mháthair i gCo. an Dúin an tseachtain seo caite.
Cúisíodh Colin McKee, Sr. na Canálach, An tIúr, i ndúnmharú Bobbie McKee,69 agus in iarracht dúnmharaithe a dhéanamh ar Yvonne McKee, am éigin idir Dé Máirt agus Déardaoin na seachtaine seo caite.
Cuireadh fios ar an PSNI tar éis imní teacht ar dhaoine faoin lánúin, agus chuaigh póilíní chuig an teach ar Bhóthar Newcastle ar an mbaile,
Bhí Colin McKee i láthair na cúirte ar maidin, ach níor labhair sé ach lena dheimhniú gur thuig sé na cúisimh ina aghaidh.
Dúirt bleachtaire de chuid an PSNI go raibh sí in ann Colin McKee a cheangal de na cúisimh.
Cuireadh siar faoi choinneáil é go dtí an 17 Aibreán.