skip to main content

An dara comhairleoir éirithe as Fianna Fáil i nGaillimh

Tá Noel Thomas, duine den bheirt chomhairleoirí contae de chuid Fianna Fáil i nGailimh a bhí cáinteach ar an Rialtas as pleananna le iarrthóirí dídine a lonnú in iar-óstán an Ross Lake sa chontae anuraidh, éirithe as an bPáirtí.

D'éirigh an comhairleoir eile, Séamus Breathnach, as Fianna Fáil an tseachtain seo caite.

Deir Séamus Walsh go mbeidh sé ina iarrthóir don ghrúpa nua Independent Ireland sna toghcháin áitiúla, ach níl aon chinneadh déanta fós ag Noel Thomas faoi sheasamh go neamhpsleách ná mar bhall den pháirtí.

Dúirt Noel Thomas inniu go raibh fad ag teacht idir Fianna Fáil agus an pobal, agus ní raibh aon rogha aige ach imeacht. Ní aithníonn sé níos mó, a deir sé, an páirtí a raibh baint aige leis le tríocha bliain, agus go raibh idir cumha agus faoiseamh air tar éis an cinneadh a dhéanamh.

Cháin an bheirt ionadaithe poiblí pleananna an Rialtais anuraidh iarrthóirí dídine a lonnú san iar-óstán i Ros Cathail, gar d'Uachtar Ard. Rinneadh coirloisceadh ar an Ross Lake Hotel i ndiaidh agóidí ag an ionad in aghaidh phlean le inimircigh a lonnú ann.

Cháin Noel Thomas freisin an fiosrúchán inmheánach a cuireadh ar bun faoina sheasamh ar cheist na cóiríochta d'iarrthóírí dídine agus gur chuid é den chinneadh atá déanta aige.

Deir sé go ndearna sé iarracht i ndiadh iarrachta a fháil amach ó Fhianna Fáíl céard go díreach a bhí sa phróiséas disciplíne a cuireadh ar bun ach nach raibh aon soiléiré faighte aige faoi sin.