Tá an fiosrúchán faoi bhás cheathrair in eachtra bóthair in Ard Mhacha inné ag leanúint ar aghaidh.
Timpeall a dó a chlog ar maidin Dé Domhnaigh a tharla an eachtra ar Bhóthar Bhaile na hAbhann Mór sa chathair.
Tá an ceathrar a bhásaigh ainmnithe go háitiúil, sin iadPhilip Mitchell, Emma Mallon, Keith Morrison agus Marina Crilly.
Tuigtear gurb as cathair Ard Mhacha do Philip Mitchell agus do Marina Crilly, agus gurb as Coillidh Channanáin gar do theorainn Mhuineacháin do Emma Mallon agus do Keith Morrison. Bhí an cearthar ina gcuid ficheadaí, ceaptar.
Deir daoine áitiúla gur bóthar contúirteach é an cúlbhtóthar ar ar tharla an eachtra, san oíche go háirithe.
'Tragóid a sháraíonnn an insint', do na teaghlaigh agus don phobal, a dúirt an PSNI faoin eachtra.
Go dtí seo tá 15 dhuine tar éis bháis in eachtraí ar bhóithre Thuaisceart Éireann, beirt sa bhreis ar an méid a bhásaigh sa tréimhse chéanna anuraidh.