skip to main content

An Rúis agus an tSin ag diúltú san UN don rún ar Gaza

Páistí i lár an smionagair i Gaza
Páistí i lár an smionagair i Gaza

Tá an rún a chuir Meiriceá faoi bhráid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe inniu maidir le sos cogaidh i Gaza cáinte go láidir ag an Rúis agus ag an tSín, a dúirt gur 'saothar in aisce' a bhí ann agus go raibh sé 'rópholaitiúil'.

Diúltaíodh don rún ar an mbonn nár éiligh na Stáit Aontaithe sos cogaidh buan láithreach, gan choinníoll, agus gur sos 6 seachtaine a iarradh.

Tá sé ráite ag Príomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu go bhfuil sé i gceist ag fórsaí Iosrael ionradh a thabhairt faoi Rafah i ndeisceart Gaza, bíodh tacaíocht Mheiriceá aige nó ná bíodh.