skip to main content

Josepha Madigan éirithe as mar Aire Stáit

An tAire Stáit Josepha Madigan
An tAire Stáit Josepha Madigan

Tá an Teachta Dála Fine Gaelach, Josepha Madigan i ndiaidh a fhógairt go bhfuil sí ag éirí as a cuid cúramaí mar Aire Stáit Oideachais Speisialta agus Ionchuimsithe.

Dúirt sí freisin nach mbeadh sí ag rith sa chéad olltoghchán eile agus go raibh seo curtha in iúl aici don Taoiseach Leo Varadkar ón Samhradh seo caite.

I ráiteas dá cuid a cuireadh in airde ar X, dúirt Josepha Madigan go mbeadh sí ag tacú le Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael.

Is í Josepha Madigan an 11ú Teachta Dála le Fine Gael atá i ndiaidh thabhairt le fios nach mbeidh sí ag seasamh arís don Dáil.

Fágfaidh sé seo tuilleadh lóin machnaimh do Simon Harris, a bhfuiltear annan is cinnte anois gurb eisean ceannaire nua Fhine Gael.