skip to main content

Ainmniúcháin do cheannaireacht FG tugtha chun cinn

An tAire Simon Harris (lár báire)
An tAire Simon Harris (lár báire)

Tá an spriocdháta do na hainmniúcháin do cheannaireacht Fhine Gael tugtha chun cinn lá.

1300 arú amárach an spriocam nua atá leagtha amach i ndiaidh chruinniú de Chomhairle Feidhmiúcháin Fhine Gael níos túisce tráthnóna.

Is ag an tráth sin freisin ar an Domhnach a roghnófar cé atá chun seasamh don pháirtí i dtoghlach Lár Tire Iar Thuaisceart do Thoghchán na hEorpa a bheidh ar siúl i mí Meithimh.

Tuigtear gurb é an tAire Breis Oideachais,Simon Harris an t-aon iarrthóir a bheidh ann do phost na ceannaireachta agus go n-ainmneofar go hoifigiúil ansin é mar cheannaire ar Fhine Gael, le teacht i gcomharbacht ar Leo Varadkar a d'fhógair arú inné go mbeadh sé ag seasamh go leataobh.

Má fhaigheann Simon Harris beannacht na Dála beidh sé ina Thaoiseach ansin faoin Aibreán, an té is óige riamh sa phost sin.

Ag labhairt dó i gCo.na Mí ar maidin, dúirt Simon Harris go raibh sé meáite leanacht leis an gClár Rialtais atá leagtha síos le Fianna Fáil agus Comhaontas Glas, sé sin a dúirt sé 'má bhím i gceannas ar Fhine Gael'.

Simon Harris.Ní fada uaidh an cheannaireacht anois is léir

Dúirt sé nárbh í a aidhm Olltoghchán a ghairm ná a throid ach thug sé le fios nach féidir a bheith cinnte d'aon ní sa pholaitíocht.

'An t-aon toghchán atá ar m'intinn anois is ea ceannaireacht Fhine Gael' a dúirt Simon Harris.

Ach mura dtarlaíonn rud éigin as an ngnáth ní cosúil go mbeidh an toghchán sin ag déanamh aon imní dó ar an Domhnach.