skip to main content

Ceathrar fear gafa faoi eachtra fuadaigh

Stop na gardaí carr ina raibh cúigear ar an M50
Stop na gardaí carr ina raibh cúigear ar an M50

Tá ceathrar fear gafa ó aréir agus á gceistiú ag gardaí i gCo.Bhaile Átha Cliath.

Tuigtear go raibh baint ag an gceathrar le heachtra fuadaigh i mBéal Feirste.

Bhí eolas faighte ag na gardaí anseo ó Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI).

Ghníomhaigh siad dá réir ar an M50 i gceantar Bhaile Munna nuair a stop siad gluaisteán thart ar a 10 a'chlog.

Bhí an ceathrar fear sa charr agus ina dteannta bhí fear eile a raibh na tuairiscí amuigh faoi go raibh sé ar iarraidh.

Ní raibh aon ghortú ar an bhfear sin.

Fuair na gardaí gunna freisin sa charr agus tiocfaidh sé sin faoi scrúdú.

Tá na fir a gabhadh á gcoinneáil ag stáisiúin gardaí éagsúla i gCo.Bhaile Átha Cliath.