skip to main content

Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh

Na seirbhísí éigeandála ar an láthair 7Deireadh Fómhair 2022
Na seirbhísí éigeandála ar an láthair 7Deireadh Fómhair 2022

Tá beirt fhear sna caogaidí gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh i gCo.Dhún na nGall beagnach bliain go leith ó shin.

Gabhadh na fir ar maidin inniu.

Tá siad á gceistiú i 2 bheairic gardaí ar leith faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

Is féidir le gardaí iad a choinneáil 24 uair a chloig.

Bhásaigh deichniúr i bpléasc a tharla i stáisiún peitril Applegreen agus in árasán taobh leis sa Chraoslach ar an 7Deireadh Fómhair 2022.