skip to main content

Fiosrúchán dunmharaithe i gCo.An Dúin

Fiosrúchán dunmharaithe i gCo.An Dúin
Fiosrúchán dunmharaithe i gCo.An Dúin

Tá fear 25 bliain d'aois gafa agus á cheistiú ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) mar chuid den fhiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun aige faoi bhás fir i gCo.An Dúin.

Fuarthas Bobby McKee,fear sna seascaidí, marbh i dteach taobh amuigh de Chill Chaoil tráthnóna inné.

Thángthas ar a bhean chéile Yvonne ar an láthair freisin agus í gortaithe go dona sa cheann.

Tá cóir leighis á cur uirthise san ospidéal ach deirtear go bhfuil bail sheasmhach uirthi.

Bhí aithne mhór ar Bobby Mckee sa phobal ansin mar go raibh sé sáite i gcúrsaí polaitíochta agus sheas sé do pháirtí an TUV sna toghcháin áitiúla.