skip to main content

Comhaontú sa Bhruiséal maidir le Gaza

An Taoiseach sa Bhruiséal
An Taoiseach sa Bhruiséal

Tá fáilte curtha ag an Taoiseach roimh an gcomhaontú a dtángthas air maidir le Gaza ag cruinniú de Chomhairle na hEorpa aréir.

D'aontaigh ceannairí na 27 mballstát gur chóir sos cogaidh a bheith ann láithreach ar mhaithe leis an gcúnamh daonnachta don stráice, gur cheart na gialla ar fad atá á gcoinneáil ag Hamas a shaoradh agus go scaoilfí isteach bia agus cógais leighis isteach ansin ar scála mór.

Cháin siad uilig gníomhartha sceimhlitheoireachta Hamas agus dúirt gurbh é an réiteach 2 stát an t-aon bhealach le síochán a chinntiú sa Mheánoirthear.

Tá Cruinniú Mullaigh 2 lá ar siúl sa Bhruiséal ag ceannairí an Aontais Eorpaigh, an cruinniú deiridh a bhfreastalóidh Leo Varadkar air mar Thaoiseach.

Páistí Pailistíneacha agus bia ar an ngannchuid dóibh

Tá bia agus neart dhe ag teastáil go géar anois ó phobal Gaza.

Dúirt Philippe Lazzarini,ceannaire na heagraíochta de chuid na Náisiún Aontaithe UNRWA atá freagrach as an bhfóirithint i Gaza gurb é an gorta anois an marfóir is mó sa stráice.

'Ach is é an duine féin is cúis leis an ghorta seo' a dúirt sé.

In agallamh ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'Morning Ireland', dúirt an tUasal Lazzarini gur ag obair in aghaidh an chloig anois a bhí UNRWA le pobal Gaza a shábháil.

Stát Rúnaí Mheiriceá,Antony Blinken

Tá Stát Rúnaí Mheiriceá,Antony Blinken, in Iosrael inniu féachaint leis an mbealach a réiteach do shocrú síochána i Gaza.

Dúirt sé gur bhraith sé go rabhthas níos gaire anois do shocrú i ndiaidh na gcainteanna a bhí aige inné i gCairó,príomhchathair na hÉigipte.

Tá Meiriceá le dréacht rún a chur os comhair Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe ag tacú le sos lámhaigh ach ag tabhairt rabhaidh maidir leis an ionsaí ar thalamh atá á bheartú ag Iosrael ar chathair Rafah.