skip to main content

Aire Stáit Rabbitte míshásta le heolas as dáta chuici ón HSE

Tá a míshástacht curtha in iúl ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Mhíchumais Anne Rabbitte nach bhfuil eolas cothrom le dáta ar leibhéil foirne taobh istigh de Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil di.

Ag fóram do theaghlaigh leanaí faoi mhíchumas i mBaile Átha an Rí, i gCo. na Gaillimhe, dúirt an tAire Rabbitte nach bhfuil an t-áireamh foirne a rinne an Fheidhmeannacht Sláinte i mí Dheireadh Fómhair críochnaithe go fóill. "Tá siad fós á chríochnú, rinne siad i mí Dheireadh Fómhair é agus níl sé os mo chomhair."

Dúirt sí go gciallaíonn seo nach bhfuil a fhios aici cad é an ráta folúntais atá sna Seirbhísí Míchumais.

"Tá geallta ag an FSS go mbeidh sé agam i mí Aibreáin ach toisc go raibh bac nó cosc ar eolas a chur ar fáil laistigh den rannóg 'riaracháin' san Fheidhmeannacht, bhí sé an-mhall an t-eolas a fháil."

Dúirt sí gur tharla seo, de bhí go raibh foireann na rannóige sin ag obair de réir rialach ó Dheireadh Fómhair go Feabhra.

Dúirt Anne Rabbitte go bhfuil sí ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an líon ceart oibrithe ag foirne le seirbhísí a chur ar fáil agus cad é an rialachas cliniciúil ceart maidir le seirbhísí a sholáthar.

Bhí sí ag caint i ndiaidh bualadh le tuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas i gceantar thuaisceart na Gaillimhe atá cláraithe le Foireann Líonra Míchumais Leanaí - Limistéar 7 (CDNT7).

Tá na teaghlaigh sa Líonra seo ag éileamh rochtana ar sheirbhísí in áiseanna na FSS sa Gharrán i dTuaim, Co. na Gaillimhe. Maíonn tuismitheoirí go bhfuil níos mó ná an tríú cuid de na 750 teaghlach go fóill ag fanacht le seirbhísí dá bpáistí.