skip to main content

10 os comhair cúirte i gCorcaigh maidir le cúisimh drugaí

Tugadh deichniúr fear os comhair suí den Chúirt Dúiche i gcathair agus i gcontae Chorcaí inniu, agus iad cúisithe i ndul i gcomhcheilg lena chéile chun drugaí a iomportáil sa Stát.

Seachtain ó shin a gabhadh na fir de bhun bheartas póilínteachta gar don Sciobairín in iarrthar Chorcaí.

Gabhadh na fir i dTrá Omna agus sa Léim agus coinníodh iad lena gceistiú ag stáisiúin éagsúla sa chontae.

As Tuaisceart Éireann duine den deichniúr, sin é Sean Curran, 37, as Carrickyheenan, Achadh na Cloiche, Inis Ceithleann. Chuala an chúirt i nDroichead na Bandan nár thug Sean Curran aon freagra ar na cúisimh.

Seachtar as an Spáinn agus beirt as an Ísiltír an chuid eile den deicniúr.

Bhí triúr eile os comhair na Cúirte Dúiche céanna, Ali Mazidi, 48 as an Ísiltír agus an Iaráin, Kiumaars Ghabiri, 51, as an Ísiltír agus Mario Angel Del Tio Sanz, 44, as an Spáinn.

Bhí ceathrar eile os comhair na Cúirte Dúiche i gCorcaigh tráthnóna freisin, Pedro Padio Ojeda Ortega, 35 as Cadiz, Raul Garcia Tabares, 48 as Cadiz, Angel Serran Padilla, 39 as Málaga agus Anuar Rahui, 41, as Marbella.

Sa chúirt dúiche i Mainistir na Corann, bhí Aleksander Milic, 36 agus Aontonio Gallarzo Barroffo 55, a bhfuil aithne air freisin mar Juan Antonio Garradro, beirt arb as an Spáinn dóibh.

Ní dearnadh aon iarratas ar bannaí agus cuireadh an deichniúr siar faoi choinneáil go dtí suí eile den chúirt Dé Máirt agus Dé Céadaoin seo chugainn.