skip to main content

147km/hr in áit 60km/hr - sampla den róluas faoin bhFéile Pádraig

I mBaile Chúc i mBaile Átha Cliath a taifeadadh carr ag déanamh 147km/h i limistéir 60km/h i rith dheireadh seachtaine na Féile Pádraig.

Bhí an tiománaí sin i measc na 1,800 a fuarthas ag taisteal faoi róluas mar chuid d'fheachtas a bhí ar bun ag Gardaí ó thráthnóna Déardaoin agus maidin Dé Máirt.

Bhí samplaí go leo ann de thiománaithe ag déanamh dhá oiread na luasteorann agus os a chionn.

I rith na tréimhse cheithre lá seo, maraíódh triúr ar na bóithre agus bhí cúig eachtra eile ann inar gortaíodh daoine.

Gabhadh 175 tiománaí as tiomáint faoi thionchar na meisce de bhun 9,970 tástáil drugaí agus óil a rinneadh ar thaobh an bhóthair

Gearradh pointí pionóis ar 170 faoi fhón póca a úsáid le linn tiomána, agus fuarthas 59 tiománáí nach raibh ag caitheamh crios sábháilteachta.

Ghaibh an Ceannfort Jane Humphries ó Bhiúró Náisiúnta Phóilínteachta Bóithre an Gharda Síochána, buíochas le tiománaithe as a gcomhoibriú ag an deireadh seachtaine agus d'impigh ar gach duine aird a thabhairt ar dhea-chleachtais tiomána gach lá.