Tá se deimhnithe anois ag Simon Harris go mbeidh sé ina iarrthóir sa chomórtas do chéanna ire Acht Fhine Gael.
Ní cosúil anois go mbeidh aon chéile comhraic ag an Aire Ard-agus Breisoideachais áfach cé go bhfuil sn próiséas ainmniúcháin ar oscailt óna 10 ar maidin
Go dtí seo tá tacaíócht do Simon Harris léirithe ag beagnach a leath den pháirtí pairliminte.
Chuir Simon Coveney, Paschal Donohoe, Heather Humphries agus Helen McEntee iad féin as an iomaíocht ó d'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar inné go raibh sé ag éirí as ceannaireacht an pháirtí agus as bheith ina Thaoiseach chomh luath is a bheidh ceannaire nua roghnaithe ag Fine Gael.
Ach tá sé ráite ag roinnt ball sinsearach sa pháirtí, Richard Bruton, Seán Kyne, Fergus O'Dowd agus Regina Doherty go mb'fhearr leo dá mbeadh toghchán ann agus rogha ag daoine faoin gceannaireacht.
Rinne comhairle feidhmeannachta Fhine Gael cinneadh aréir go beidh idir a 10 ar maidin agus 1pm Dé Luain ag iarrthóirí a n-ainmneacha a chur chun cinn.
Dúirt Cathaoirleach Pháirtí Pairliminte Fhine Gael, Alan Dillon, go raibh súil aige go mbeadh comórtas ann, agus go gcuirfeadh daoine fáilte roimh an deis a bheadh ag iarrthóírí dul ag plé le baill den pháirtí ar fud na tíre.
Ní mór d'iarrthóirí ainmniúchán a fháil ó sheisear ball den pháírtí pairliminte, ar a laghad, idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus Feisirí Eorpacha.
Beidh trí chruinniú réigiúnach ag iarrthóirí Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo chugainn.
Mar seo a leanas a dhéantar an sciar den vóta a roinnt:
- 65% den vóta ag na 54 ball den pháirti pairliminte,
- 25% den vóta ag na 20,000 ball den pháirtí
- 10% den vóta ag na 249 ball de chomhairlí áítiúla
Caithfidh na 20,000 ball den pháirtí a vóta idir an 2 agus 4 Aibreán, agus ní mór ballraíocht bheith acu ar feadh dhá bliain.
Fógrófar toradh na vótála an 5 Aibreán