skip to main content

'Ionadh' ar an Tánaiste Micheál Martin faoi chinneadh Leo Varadkar

An Tánaiste Micheál Martin ag Tithe an Rialtais inniu
An Tánaiste Micheál Martin ag Tithe an Rialtais inniu

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh ionadh air go raibh Leo Varadkar le n-éirí as mar Thaoiseach.

Thug Micheál Martin le fios gur chuir Leo Varadkar a rún in iúl dó féin agus do cheannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan aréir.

Mhaígh an Tánaiste freisin gur tharraing an triúr ceannairí go maith le chéile agus go raibh sé sin tábhachtach le go mbeadh bonn láidir faoin gComhrialtas.

Mar sin féin, arsa Micheál Martin, is Comhrialtas trí pháirtí é nach bhfuil ag brath ar dhaoine faoi leith agus dheimhnigh sé go raibh sé mionnaithe leanúint den socrú atá ann faoi láthair.

Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan

Dúirt Éamon Ryan gur ceannaire bríomhar agus díograiseach ab ea Leo Varadkar a thacaigh i gcónaí lena chomhghleacaithe sa Rialtas.

Dála an Tánaiste, thug Éamon Ryan le tuiscint go leanfadh an Comhrialtas ar aghaidh ainneoin an choir nua sa scéal.

Dar leis an Teachta Dála Matt Carthy ó Shinn Féin, áfach, gur chóir gurbh iad muintir na hÉireann seachas baill Fhine Gael a thoghfadh an chéad Taoiseach eile.

Rialtas úr atá de dhíth agus is follas sin le fada, arsa Matt Carthy.

An Teachta Dála Matt Carthy ó Shinn Féin

Mhaígh ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Holly Cairns go raibh Leo Varadkar ag éirí as mar Thaoiseach mar gur léir dó go raibh ag teip ar an Rialtas ceisteanna móra a réiteach, go háirithe an ghéarchéim sa chóras sláinte agus an ghéarchéim tithíochta.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go raibh leid láidir faoi staid an Chomhrialtais i ráiteas an Tánaiste faoin ionadh a bhí air go raibh Leo Varadkar le n-éírí as.

Dar léi go mbaineann cinneadh Leo Varadkar an bonn den Rialtas.

An Teachta Dála Richard Boyd Barrett ó Phobal Roimh Bhrabús, dúirt seisean go mbeadh amhras anois ar dhaoine faoin muinín a bhí acu sa Rialtas roimhe seo, má bhí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ