Tá sé fógartha ag Leo Varadkar go bhfuil sé le n-éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael "ar chúiseanna pearsanta agus polaitiúla".
Ag preasócáid ag Tithe an Rialtais, thug Leo Varadkar le fios go raibh sé ag éirí as mar cheannaire Fhine Gael láithreach agus go n-éireodh sé as mar Thaoiseach tar éis na Cásca nuair a bheadh ceannaire nua ag Fine Gael.
Dúirt sé freisin nach raibh a fhios aige cad a dhéanfadh sé ina dhiaidh sin.
Tá Leo Varadkar 45 bliain d'aois agus thug sé le tuiscint cheana go raibh rún aige éirí as an bpolaitíocht sula mbeadh an leathchéad sáraithe aige.

Toghadh Leo Varadkar chun na Dála den chéad uair in 2007. Ceapadh ina Aire Iompair é in 2011 agus ina Aire Sláinte in 2014.
Toghadh mar Thaoiseach é den chéad uair in 2017 agus arís in 2022 mar chuid den socrú Comhrialtais le Fiannna Fáil, agus dúirt sé inniu go raibh na blianta a chaith sé sa phost ar an achar ba shásúla ina shaol go dtí seo.
Ó toghadh é mar Thaoiseach, arsa sé, is tír níos cothroime agus níos nua-aimseartha í Éire, go háirithe do mhná agus do dhaoine LADT.
Tuigtear nach bhfuil an Comhrialtas i mbaol a scoir i bhfianaise ar fhógair Leo Varadkar inniu agus níl aon chaint fós ar olltoghchán a ghairm.
Mar sin féin, deirtear gur tháinig an scéala aniar aduaidh ar an gComhaireacht agus go bhfuil trí pháirtí an Chomhrialtais lena marana ceart a dhéanamh air fós.
Idir dhá linn, beidh Fine Gael gafa ag comórtas ceannaireachta. Tá Simon Coveney, Simon Harris agus Helen McEntee i measc na nAirí Rialtais atá á lua leis an bpost cheana féin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ