I gCúirt Choiriúil Chuarda Luimnigh inniu, gearradh dhá théarma príosúin ar fionraí ar an iománaí Kyle Hayes a ciontaíodh anuraidh in dhá chion a bhain le mí-ord foréigneach.
Dhá bhliain a gearradh air as ceann de na cionta agus ocht mí dhéag a gearradh air as an gceann eile. Cuireadh an dá théarma príosúin ar fionraí ar feadh dhá bhliain.
Is taobh istigh agus taobh amuigh de chlub oíche i gcathair Luimnigh ar an 28 Deireadh Fómhair 2019 a rinne Kyle Hayes na cionta.
Chomh maith leis na téarmaí fionraíochta, d'ordaigh an chúirt do Kyle Hayes cúiteamh €10,000 a íoc le Cillian McCarthy, fear a ndearna sé díobháil dó an oíche úd.
Agus an phianbhreith á gearradh aige ar Kyle Hayes, dúirt an Breitheamh Dermot Sheehan go raibh iompar foréigneach an chiontóra "contúirteach agus tromchúiseach" agus nach dtarlódh cuid ar bith dár tharla sa chlub oíche agus ar an tsráid murach é.
Tá Kyle Hayes 25 bliain d'aois agus tá sé ina chónaí i mBaile Uí Aisí i gCill Díoma i gCo Luimnigh.
Phléadáil sé neamhchiontach sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith. Fuarthas neamhchiontach é i gceann díobh, mar atá, ionsaí díobhálach.
Dúirt an Breitheamh Sheehan, áfach, nach bhféadfadh sé an pionós a mhaolú mar a dhéantar i gcás daoine a phléadálann ciontach.
Díol suntais, arsa sé, go raibh an t-iománaí iomráiteach ábalta cuimhneamh go grinn ar chluiche club a d’imir sé roimh an oíche chinniúnach ach go ndúirt sé leis na Gardaí nach raibh cuimhne cheart aige ar an scliúchas ag an chlub oíche.
Dhá bhliain go leith agus trí bliana go leith faoi seach na téarmaí príosúin a bhaineann leis na cúiseanna ar ciontaíodh é iontu, a dúirt an breitheamh, ach chaithfeadh sé a chur san áireamh, arsa sé, nár cúisíodh Kyle Hayes riamh roimhe seo, go raibh dea-cháil air roimhe seo, go raibh aithreachas air anois agus go raibh a chumas ceannaireachta curtha i ngníomh aige ó shin.
Dúirt sé nár mhór a chur sa chuntas chomh maith gur fear óg é Kyle Hayes agus go bhfuil sé fostaithe i bpost fiúntach.
Níor chreid an breitheamh, a dúirt sé, gur chun leasa an phobail a bheadh sé é a chur i bpríosún faoi láthair.
I bhfianaise an ioncaim mhaith atá ag Kyle Hyes, d’ordaigh an Breitheamh Sheehan dó €10,000 a íoc le Cillian McCarthy.
Caithfidh sé an chéad leath den tsuim sin a íoc taobh istigh de cheithre seachtaine agus an chuid eile roimh an 30 Meán Fómhair.
Níor fhreagair Kyle Hayes ceisteanna ó iriseoirí ar fhágáil theach na cúirte dó.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ