skip to main content

Scéim chúitimh na n-áras máithreacha agus naíonán oscailte

Suíomh an árais máithreacha agus naíonán i dTuaim, Co na Gaillimhe
Suíomh an árais máithreacha agus naíonán i dTuaim, Co na Gaillimhe

Osclaíodh inniu scéim íocaíochta speisialta le haghaidh daoine a chaith seal in áras máithreacha agus naíonán nó i dteach contae.

De réir na scéime nua, a reachtaíodh an samhradh seo caite, beidh na daoine sin i dteideal "íocaíochta ginearálta" agus "seirbhísí sláinte saor in aisce" mar chúiteamh ar an neamart a rinneadh iontu agus ar an íospairt a tugadh dóibh.

Is í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige atá ag riar na scéime.

Níl an scéim saor ó chonspóid, áfach, agus táthar míshásta go gcaithfidh daoine a chruthú gur chaith siad sé mhí ar a laghad i gceann de na hinstitiúidí sin sula bhfaighidh siad aon chúiteamh.

Tuigtear go bhfuil thart ar 24,000 duine curtha as an áireamh mar gheall ar an gcoinníoll sin.

Tá aird tarraingthe freisin ar dhaoine a bheadh i dteideal cúitimh ach a fuair bás ó achtaíodh an scéim anuraidh.

Maidir leis na daoine sin, tá sé tugtha le fios ag an Aire Roderic O'Gorman gur féidir lena "n-ionadaí pearsanta" cur isteach ar an scéim.

I dtuarascáil dheiridh an Choimisiúin Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán, a foisíodh trí bliana ó shin, dúradh gur chaith thart ar 56,000 bean agus 57,000 naíonán seal in ocht n-institiúid déag idir 1922 agus 1998.

Tugadh le fios sa tuarascáil gur éigníodh cuid de na mná, go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag cuid acu agus go raibh roinnt eile faoi mhíchumas intleachtúil.

Chuaigh mná isteach sna hárais máithreacha agus naíonán, a dúradh, mar nach bhfuair siad tacaíocht óna muintir ná ó athair an linbh.

Cuireadh iallach ar mhná óga a bhí bocht dearóil an baile a fhágáil agus tearmann a lorg in áit éigin nach mbeadh orthu íoc as, a dúradh.

Dúradh freisin go raibh an ráta báis i measc leanaí sna hinstitiúidí sin "uafásach."

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ