skip to main content

Tuilleadh comhráite i gCatar faoin ngéarchéim in Gaza

Ag caoineadh na marbh i gCathair Gaza, 20 Márta 2024
Ag caoineadh na marbh i gCathair Gaza, 20 Márta 2024

Tá comhráite ar siúl i gCatar arís inniu faoi shos comhraic in Gaza. Tá ceannaire faisnéise Iosrael David Barnea i measc na n-ionadaithe atá rannpháirteach sna comhráite ar cuireadh tús as an nua leo inné.

De bhrí nach labhraíonn ionadaithe Iosrael agus ionadaithe Hamas le chéile, áfach, caithfidh idirghabhálaithe dul ó sheomra go seomra le teachtaireachtaí ó dhream amháin a thabhairt don dream eile.

Beidh comhráite inniu freisin ag Stát-Runaí Mheiriceá Antony Blinken le ceannairí polaitiúla san Araib Shádach agus san Éigipt.

Tá sé tugtha le fios ag Antony Blinken cúpla uair le cúpla lá go bhfuil an-imní ar Rialtas Mheiriceá faoin nganntanas bia atá in Gaza de dheasca an léigir atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar an áit.

De réir tuairisce a cuireadh i dtoll a chéile thar ceann na Náisiún Aontaithe, beidh sé ina ghorta i dtuaisceart Gaza faoi Bhealtaine mura dtiocfar i gcabhair ar an mbreis agus 300,000 duine atá ina gcónaí sa limistéar sin.

I gceann ocras a chur ar dhaoine, tá na hIosraelaigh ag leanacht den mharú in Gaza. Deir aireacht sláinte Hamas gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael 90 duine san iamhchríoch ó inné, 30 duine i gCathair Gaza ina measc.

Fágann sé sin ar fad nach bhfuil an saol in Gaza ach ag dul chun donais in ainneoin comhráite faoin ngéarchéim a bheith ar siúl i dtrí thír éagsúla inniu – Catar, an Araib Shádach agus an Éigipt – agus in ainneoin polaiteoir an-sinsearach ón tír is cumhachtaí ar domhan a bheith páirteach sna comhráite sin.

Nuacht agus Cúrsai Reatha RTÉ