Tá fear 33 bliain d'aois a hionsaíodh sa Chóbh i gCo Chorcaí ceithre lá ó shin tar éis bháis san ospidéal.
Tuigtear gur ionsaíodh Ian Baitson le claíomh nuair a d'éirigh idir é agus fear eile i gcarrchlós ar Bhóthar an Bhaile Nua go gairid tar éis 7.30 tráthnóna Dé hAoine seo caite.
Gearradh é sa chois agus chaill sé go leor fola ar an mball.
Chuir na seirbhísí éigeandála cóir leighis ar Ian Baitson sa charrchlós sular thug siad é go hOspidéal Ollscoile Chorcaí.
Is san aonad dianchúraim san ospidéal sin a bhásaigh sé inniu, áfach.

De réir dealraimh, chuaigh Ian Baitson chuig an gcarrchlós le bualadh le fear eile ann agus tá na Gardaí fós ag iarraidh a dhearbhú cad go baileach a thit amach.
Ba as an gCóbh Ian Baitson agus bhí beirt pháistí aige.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ