skip to main content

Ciarán Cannon le n-éirí as an bpolaitíocht 'de bharr dhrochíde'

An Teachta Dála Ciarán Cannon
An Teachta Dála Ciarán Cannon

Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Ciarán Cannon ó Fhine Gael nach gcuirfidh sé a ainm chun cinn sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar chomh nimhneach agus atá an pholaitíocht ar na saolta seo, mar a dúirt sé.

Teachta Dála i nGaillimh Thoir is ea Ciarán Cannon agus is é urlabhraí meán, ealaíon agus cultúir Fhine Gael é.

I ráiteas, dúirt sé go raibh gairbhe agus nimhneas sa pholaitíocht sa lá atá inniu ann nach mbíodh ann scór blianta ó shin.

"Níl aon duine dínn ag iarraidh go ndéanfaí dia beag dínn, ní theastaíonn uainn ach go gcaithfí linn go sibhialta agus go measúil, díreach mar a chaitear le daoine i bpoist eile", arsa sé.

Glacann sé leis, ar sé, go mbíonn súil ghéar an phobail ar pholaiteoirí ach dar leis gur cur isteach as miosúr atá ann i láthair na huaire.

De réir suirbhé a rinne 7LÁ le gairid, tugadh íde ar líne do thart ar 80% de Theachtaí Dála le bliain.

Thug ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, le fios go raibh Ciarán Cannon ar dhuine de na Teachtaí Dála ba dhíograisí i nDáil Éireann agus dúirt go n-aireodh a chairde agus a chomhghleacaithe uathu é.

D'fhógair naonúr Teachtaí Dála eile ó Fhine Gael roimhe seo nach mbeidís féin san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.

Sin iad Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O'Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton agus John Paul Phelan.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ