Tá Rose Dugdale – an banoidhre Sasanach a bhí ina ball den IRA - básaithe. Bhí sí 83 bliain d'aois.
Dream airgid a bhí i muintir Rose Dugdale. Ba de bhunadh shaibhir uasaicmeach as Devon Shasana í, ach chuaigh sí le gluaiseacht mhíleata na Poblachta i ndiaidh Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972 .
Ghlac sí páirt san eachtra robála a rinne an tIRA ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin sa mbliain 1974, inar goideadh saothair ealaíne, arbh fhiú £8m iad, trí phictiúr de chuid Rubens ina measc, ceann amháin de chuid Goya agus ceann amháin de chuid Vermeer.
Buaileadh Alfred Beit, an fear 71 bliain d’aois gur leis an teach, agus duine dá fhoireann sa gcloigeann le gunna. Ceanglaíodh iad agus cuireadh sa leabharlann iad, áit a bhfaca siad an bhuíon ag gearradh na bpictiúr as frámaí.
Gearradh naoi mbliana príosúin ar Rose Dugdale as an ról a ghlac sí san eachtra robála, chomh maith le fuadach héileacaptar a úsáideadh chun ionsaí buamála a dhéanamh ar bheairic RUC ar An tSrath Bán i gCo. Thír Eoghain an bhliain chéanna.
Rugadh mac di le linn di a bheith sa phríosún agus phos sí poblachtánach eile, Eddie Gallagher, le linn di a bheith faoi choimeád.
Fuair sí bás agus í ina codladh i dteach altranais i mBaile Átha Cliath inniu.