skip to main content

An t-iar Aire Stáit, Emmett Stagg tar éis bháis

An t-iar Aire Stáit, Emmett Stagg tar éis bháis
An t-iar Aire Stáit, Emmett Stagg tar éis bháis

Tá an t-iar Aire Stáit, Emmett Stagg, tar éis bháis.

Bhí sé 79.

Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre a bhí in Emmet Stagg agus ghníomhaigh sé ar son dháilcheantar Chill Dara Thuaidh agus Chill Dara i nDáil Éireann idir 1987-2016.

Bhí roinnt aireachtaí stáit aige idir 1994-97 le linn Rialtas an 'Rainbow' agus bhí sé ina leas Phríomh Aoire sa Rialtas idir 2011-2016.

Dúirt ceannaire an Lucht Oibre,Ivana Bacik gur mhór i gceist Emmet Stagg ina dháilcheantar agus go raibh sé i gcónaí faoi réir le labhairt ar a son siúd a bhí faoi mhíbhuntáiste.

'Méala mór a bhás' a dúirt sí 'do chuile dhuine a raibh aithne acu air'.