skip to main content

Páistí ag fáil bháis leis an ocras i dtuaisceart Gaza

Cabhair ag teacht ón gCipir
Cabhair ag teacht ón gCipir

Níl sé dearbhaithe go foirmeálta fós ach léiríonn an t-eolas is deireanaí atá againn óna Náisiúin Aontaithe go bhfuil sé ina ghorta i dtuaisceart Stráice Gaza.

Deirtear go bhfuil aon trian de pháistí faoi bhun 2 bhliain d'aois ag fulaingt go dona ceal bia.

Tá an stráice ina bhfuil breis is 2m duine ina gcónaí tagtha faoi thréan ionsaí ó arm Iosrael le breis is 5 mhí anois.

Tá an chéad lastas bia ar bord loinge ón gCipir i ndiaidh Gaza a bhaint amach de réir an eolais atá ar fáil ó chumann carthannachta sna Stáit Aontaithe.

Is a bhuíochas don charthannacht Meiriceánach, World Central Kitchen atá an lastas seo tagtha agus tá 200 tonna d'earraí fóirthinte i gceist.