Dúirt an Taoiseach,Leo Varadkar gur thug Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden le fios dó go soiléir go leanfaidh an tír sin lena tacaíocht d'Iosrael.
Bhí an Taoiseach ag labhairt leis na meáin i ndiaidh a chruinnithe leis an Uachtarán Biden sa Teach Bán i Washington inné mar chuid de cheiliúradh lá le Pádraig.
Dúirt sé áfach go raibh na Stáit Aontaithe ar a ndícheall ag iarraidh sos cogaidh a fháil idir Iosrael agus Hamas le linn Ramadan.
D'iarr Leo Varadkar freisin ar an Uachtarán Biden a bheith rannpháirteach leis an tír seo i dtaca leis an tsíochán a chur chun cinn i Stráice Gaza.
'Ní fúmsa atá sé coinníollacha an tsosa cogaidh sin a leagan amach' a dúirt an Taoiseach 'ach séard atá uainn uilig sa tír seo ná go dtarlódh a léithid láithreach bonn i bhfianaise na géarchéime daonnachta sa stráice'.