Tá grúpa d'fhoireann Ollscoil na Gaillimhe ag iarraidh go gcuirfeadh an ollscoil sin deireadh le gach ceangal atá acu le hinstitiúidí in Iosrael.
I mí na Samhna anuraidh, chuir na céadta d'aos acadúil na n-ollscoileanna sa Stát a n-ainm le litir ag éileamh go gcuirfeadh a gcoláistí deireadh leis na ceangail atá acu le hinstitiúidí in Iosrael.
D'fhógair Ollscoil na Gaillimhe an mhí seo caite go raibh riarthóirí an choláiste chun tabhairt faoi athbhreithniú ar na ceangail atá ag an ollscoil leis na hinstitiúidí sin.
Ní fios cén uair atá sé i gceist an t-athbhreithniú a chríochnú.
Ar na ceangail atá bunaithe ag an ollscoil le hIosrael ó 2014, tá trí thogra dhéag taighde le hollscoileanna, forais eile léinn agus comhlachtaí príobháideacha.
Ina measc sin, tá Ollscoil Eabhraise Iarúsailéim, Ollscoil Tel Aviv, Ollscoil Haifa, Ollscoil Ben-Gurion agus Institiúid Theicneolaíochta Iosrael.
Bhí togra taighde ar bun ag Ollscoil na Gaillimhe i gcomhar le hAireacht Sláinte Iosrael chomh maith le dhá thogra leis an chomhlacht IBM Science and Technology Israel.
Inniu, dúirt an grúpa dá ngairtear Foireann Ollscoil na Gaillimhe ar son na Palaistíne gur cheart don ollscoil deireadh a chur le gach fiontar agus gach socrú comhoibrithe atá acu le hollscoileanna agus le forais taighde tríú leibhéal in Iosrael.
Dúirt urlabhraí ón ghrúpa, an tOllamh le Bithfháisnéisíocht Cathal Seoighe, go gcaithfeadh an ollscoil gach ceangal le hIosrael a bhriseadh anois:
"Tá uafás orainn mar bhaill foirne faoin méid atá ag tarlú in Gaza. Tá muid ag iarraidh go gcuirfeadh an ollscoil deireadh le nascanna le aon tír atá i mbun an chineál ruda atá ar siúl in Gaza, aon tír a bhfuil córas cinedheighilte acu nó a bhfuil an baol ann go bhfuil cinedhíothú ar siúl acu mar is cosúil atá ar bun ag Iosrael, tá muid ag iarraidh deireadh a chur le aon cheangal le hinstitiúidí sa tír sin".
"Tá an Ollscoil seo ag seasamh go láidir ar son cearta daonna agus in aghaidh an chinedhíothaithe agus na cinedheighilte chomh maith. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na luachanna sin le feiscint i ngach cinneadh a dhéanann muid faoi earra a cheannach nó faoi sheirbhís a fháil".

Dúirt Cathal Seoighe gur cheart don ollscoil an t-athbhreithniú a dhéanamh go pras seachas fanacht go mbeidh Iosrael réidh lena n-ionsaithe ar Gaza.
"Is cuma má bhíonn an chogaíocht thart, tá níos mó i gceist ná díreach deireadh a chur leis an chogaíocht. Tá cearta daonna fós le baint amach, agus tá réiteach fadtéarmach ag teastáil a thugann cothrom na Féinne do gach duine. Tá muid ag iarraidh go ndéanfadh an ollscoil an t-athbhreithniú chomh sciobtha agus is féidir agus chomh maith agus is féidir. Tuigeann muid go bhfuil go leor i gceist leis, tá muid ag iarraidh go ndéanfaí i gceart é".
D'iarr Nuacht RTÉ ar Ollscoil na Gaillimhe sonraí a thabhairt faoi shocruithe atá acu, diomaite de chúrsaí taighde, le forais tríú leibhéal in Iosrael.
Níor tugadh freagra dúinn ach dúirt urlabhraí ón ollscoil nach raibh aon rud le rá acu sa bhreis ar an méid a dúirt siad ina ráiteas i mí Feabhra nuair a d'fhógair siad an t-athbhreithniú.
Mar chuid d'imeachtaí sheachtain frithchiníochais Nelson Mandela san ollscoil an tseachtain seo chugainn, beidh cainteanna poiblí le David Landy, Ollamh Cúnta in Ollscoil na Trionóide; an Dr Mads Gilbert; agus Francesca Albanese, rapóirtéir speisialta na Náisiún Aontaithe sna críocha Palaistíneacha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ