skip to main content

Crainn agus Toir: cránaí leabhair a mbeidh an-tóir uirthi

Sceach gheal faoi bhláth
Sceach gheal faoi bhláth

Tráthnóna inniu, seoladh lámhleabhar a ndeirtear gurb í an leabhar is mó dar foilsíodh riamh i nGaeilge í.

Níor mhór lámha móra a bheith ag an té a láimhseálfadh an leabhar – Crainn agus Toir – ó tá sí 299 mm ar airde agus 237 mm ar leithead. D'fhéadfá a rá go deimhin gur cránaí leabhair í!

Mar le tiús de, 764 leathanach atá sa leabhar, saothar cuidsúlach pointeáilte ar léir gur chaith an t-údar Máirín Uí Chonchubhair agus na foilsitheoirí Dingle Publishing an-dua léi.

Mar a shílfeá, cur síos cuimistheach eolaíochtúil ar na crainn agus na toir atá ag fás in Éirinn atá sa leabhar – ach gan í a bheith tur ar aon bhealach, dar ndóigh!

Gan a bhfuil inti de théacs a bhac, tá 2,000 ghrianghraf daite, 400 léaráid agus 60 tábla ann leis.

Liosta le háireamh atá sna gnéithe éagsúla den scéal a insítear sa leabhar.

Cuimsítear inti geolaíocht, topagrafaíocht, stair, litríocht, miotaseolaíocht, béaloideas, míochaine agus mar sin siar.

Pléitear an crann agus an tor mar shiombailí, chomh maith leis an mbaint a bhí acu le teacht chun cinn na mainistreacha agus na n-eastát ó aimsir na Normannach i leith.

Sliocht as Crainn agus Toir le Máirín Uí Chonchubhair

De réir thraidisiún na nGael, a deir na scoláirí linn, bhí an crann saor (láidir) ann agus bhí an crann daor (lag) ann. Sórt uasal le híseal a bhí i gceist.

Dar leis an scoláire Albanach Raghnall Mac Ille Dhuibh, adhradh an abhaill, an coll, an dair, an draighean, an fhéithleann, an fhuinseog, an ghiúis agus an t-iúr.

Crainn dhaora i súile na nGael, áfach, ab ea an bheith, an caorthann, an crann creathach, an dris, an fearn, an leamhán, an trom agus an sceach gheal.

Bhí an cuileann agus an tsail idir eatarthu, is cosúil.

I ndán a breacadh i Leabhar Dhéan Leasa Mhóir sa séú haois déag, cuirtear Mac Diarmada flaithiúil Mhagh Lorg (iúr) i gcomórtas le Mag Uidhir gortach Fhear Manach (fearn).

Deirtear sa Ghaeilge freisin faoi bheirt a bhfuil bealaí éasgúla leo gur coll le cuileann atá iontu.

Bhí an-mheas ag na Gaeil ar an bhfuinseog (Pic: Máirín Uí Chonchubhair)

Ó Dhún Chaoin an t-údar Máirín Uí Chonchubhair, luibheolaí agus oide eolaíochta. I gceann taitneamh a bhaint as an leabhar a léamh, tá súil aici a deir sí, a chur abhaile orainn "ár ndualgas i leith chaomhnú an dúlra".

Labhair Máirín le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol Ó Dheas le gairid faoinar chuir sí roimpi féin nuair a chrom sí ar an leabhar úimléideach seo a scríobh.

Is geall le ciclipéid í Crainn agus Toir i ndáiríre – nó díolaim dúlra – agus is cinnte go mbeidh tóir uirthi a fhad is a mhairfidh suim an duine ina thimpeallacht agus sa chomhshaol a bhfuil sé ag brath air!

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ