Bhí na céadta i láthair ag seirbhís speisialta i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath inniu i gcuimhne agus in onóir an iar-nuachtóra in RTÉ Charlie Bird a fuair bás Dé Luain seo caite.
Bhí an galar néarón luadrach ar Charlie Bird agus, chomh maith lena obair iriseoireachta, bhí cáil air as an airgead a bhailigh sé le cúpla bliain ar son eagraíochtaí carthanachta a chuidíonn le daoine a bhfuil an tinneas sin orthu.
Lucht ceoil Bhanna Píb Chuan Mó agus a gcuid siansaí a thionlaic cónra Charlie Bird isteach i dTeach an Ardmhéara.
Ba é a chomrádaí agus iarchomhghleacaí leis in RTÉ, Joe O'Brien, a thug an príomhaitheasc ag an tseirbhís i Seomra Cruinn an Tí.
Dúirt sé faoi Charlie Bird go raibh ardchlú ar fud na tíre air agus go raibh an-ghnaoi ag an bpobal air.
Laoch dothuirsithe a bhí ann chomh fada agus a bhain sé lena obair charthanachta, arsa an Brianach.
Ina haitheasc féin, dúirt bean chéile Charlie Bird, Claire Mould, gur mar gheall ar a bhrí is a bheocht a thit sí i ngrá leis.
Dúirt duine dá chlann iníon, Orla, gur fear tí agus urláir a bhí ina hathair. A raibh ina chroí, arsa sí, bhí sé ar a bhois aige.
Neasa, a iníon eile, thug sí le fios cé go raibh sé scanraithe roimh an tinneas a bhí air go ndeachaigh sé i ngleic leis le teann crógachta.
Cúigear garpháistí Charlie Bird, chuir siad roinnt nithe a bhain le saol a seanathar i láthair an tslua, paidrín a thug Daniel O'Donnell dó, leabhar faoi Bruce Springsteeen agus grianghraf den teaghlach ina measc.
Ba iad Matt Molloy, Liam O'Connor, Seán Potts agus Kevin Conneff a chas an ceol i gcaitheamh an tsearmanais.
Bhí iar-chomhghleacaithe eile le Charlie Bird i láthair na seirbhíse, Cathal Goan, Ed Mulhall, Ray Burke, Eileen Dunne, Miriam O'Callaghan, David McCullagh agus Joe Little ina measc.
Léigh Ed Mulhall an dán Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin, in éineacht le haistriúchán Béarla, in ómós don iar-chomhfhreagraí nuachta.
D'fhreastail feidhmeannaigh shinsearacha ó RTÉ ar an searmanas – an Príomh-Stiúrthóir Kevin Bakhurst san áireamh – agus bhí ionadaithe Uachtarán na hÉireann agus an Taoisigh i láthair chomh maith.
I ndiaidh na seirbhíse, bhí deis ag an bpobal comhbhrón a dhéanamh le teaghlach Charlie Bird.
Mar ba mhian leis, scaipfear luaithreach Charlie Bird in Inis Oírr in am trátha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ