Tá dlíthe nua maidir le rialú na hintleachta saorga san Aontas Eorpach rite ag Parlaimint na hEorpa.
De réir na ndlíthe nua, beidh ar chórais intleachta saorga, ar nós ChatGPT, oibleagáidí faoi leith a chomhlíonadh sula gceadófar dóibh feidhmiú sna ballstáit.
Is ar oscailteacht agus ar shábháilteacht na hintleachta saorga is mó a dhírítear sna dlíthe nua.
Tá córais éagsúla níos oscailte agus níos sábháilte ná a chéile agus táthar imníoch go háirithe faoi fheidhmchláir a théann i gcion ar bhonneagar, ar thoghcháin agus ar riar na córa.
De réir na reachtaíochta nua, beidh ar na comhlachtaí ábhartha a chruthú go bhfuil a gcuid córas sábháilte sula gceadófar dóibh feidhmiú san Aontas Eorpach. Áirítear ChatGPT i measc na gcomhlachtaí sin.
Tá córais eile ann, ámh, nach ligfear isteach thar chab an dorais ar chor ar bith. Beidh cosc iomlán, cuir i gcás, ar fheidhmchláir bhithmhéadracha a bhaineann leas as saintréithe pearsanta nó as stádas sóisialta daoine.
Beidh cosc freisin ar chórais intleachta saorga a mbaintear leas astu le tionchar a imirt ar iompar daoine.
Tá sé i gceist feidhm a bheith leis na dlíthe nua ó dheireadh na míosa seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ