skip to main content

'Baol ann go gcaithfear amach an cás i gcoinne Richard Satchwell'

Richard Satchwell
Richard Satchwell

Tá fógra tugtha ag breitheamh do na Gardaí go mb'fhéidir go gcaithfí amach an cás in aghaidh fir atá le cur ar a thriail faoina bhean chéile a dhúnmharú mura mbeadh an leabhar fianaise réitithe faoi cheann coicíse.

Baineann an scéal le cás Richard Satchwell, 57 bliain d'aois, atá cúisithe i ndúnmharú Tina Satchwell, a bhí 45 bliain nuair a chonacthas ina beatha go deireanach í.

Fuarthas cnámhiarsmaí Tina Satchwell i dteach cónaithe na lánúine in Eochaill i gCo Chorcaí mí Dheireadh Fómhair seo caite.

I gCúirt Dúiche Chluain Meala inniu, dúirt an Breitheamh Brian O'Shea nár mhór do na Gardaí an leabhar fianaise a chur i láthair na cúirte faoin 26 Márta, é sin nó d'fhéadfaí an cás a chaitheamh amach.

Thug an Sáirsint Tom O'Brien le fios, áfach, nach bhféadfadh sé gealltanas a thabhairt go mbeadh na cáipéisí ábhartha curtha i dtoll a chéile ag na Gardaí faoin am sin.

Bhí Richard Satchwell i láthair na cúirte ar nasc físe inniu agus d'iarr an Sáirsint O'Brien é a chur siar faoi choinneáil go ceann ceithre seachtaine eile.

Dúirt an Breitheamh O'Shea, ámh, gur cúisíodh Richard Satchwell sa dúnmharú cúig mhí ó shin agus mheabhraigh sé don Sáirsint O'Brien gur gealladh an mhí seo caite go mbeadh an leabhar fianaise réitithe faoi dheireadh na míosa seo.

D'ordaigh an breitheamh an cás a éisteacht arís ar an 26 Márta ach dúirt an sáirsint go mb'fhéidir go n-iarrfadh na Gardaí síneadh ama eile mura mbeadh an leabhar fianaise réitithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ