skip to main content

An t-iar-nuachtóir aitheanta in RTÉ Charlie Bird tar éis bháis

Charlie Bird
Charlie Bird

Tá an t-iar-nuachtóir aitheanta in RTÉ Charlie Bird tar éis bháis in aois a cheithre bliana déag agus trí scór. Bhí sé tinn le tamall.

Ó fuair Charlie Bird amach in 2021 go raibh an galar néarón luadrach air, thionscain sé roinnt feachtas bailithe airgid ar son eagraíochtaí carthanachta a chuidíonn le daoine a bhfuil an tinneas sin orthu.

Ar an drochuair, is galar é nach bhfuil aon leigheas air go fóill agus bhí taighdeoirí an-bhuíoch de chomh maith as an airgead a bhailigh sé ar a sonsan.

Áirítear gur €3.4 milliún san iomlán a bhailigh sé in imeacht cúpla bliain.

Charlie Bird ag dul suas Cruach Phádraig ar son eagraíochtaí carthanachta

Gan trácht ar an obair charthanachta a rinne Charlie Bird le roinnt blianta, bhí a ainm in airde ó thús na n-ochtóidí nuair a thuairiscigh sé ó na hOileáin Fhilipíneacha ar chás an Athar Niall O'Brien a bhí cúisithe san éagóir i ndúnmharú sa tír sin.

Thosaigh sé ag obair mar thaighdeoir in RTÉ i 1972 agus d'éirigh sé as in 2012.

Chomh maith le cás an Athar O'Brien, thuairiscigh Charlie Bird i gcaitheamh na mblianta sin ar thubaiste an Stardust, ar sheachaint cánach sa Bhanc Éireannach Náisiúnta, ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe in 2001 agus ar a thuilleadh scéalta nach iad.

Bhí Charlie Bird ina Príomh-Chomhfhreagraí Nuachta in RTÉ

Sna 1990í, nuair a cuireadh an próiseas síochána sa Tuaisceart sa siúl, bhí sé ar an bpríomh-theagmhálaí a bhí ag an IRA sna meáin ar an taobh ó dheas den teorainn.

Tá ómós tugtha go forleathan do Charlie Bird. Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins go raibh sé ar dhuine de na hiriseoirí is fearr dá ghlúin agus gur dhuine é a chuaigh sa tóir ar an bhfírinne i gcónaí.

Maireann bean chéile Charlie Bird, Claire; a iníonacha Orla agus Nessa; a gharchlann Abigail, Charlie, Edward, Harriet agus Hugo; agus a thriúr deartháireacha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ