Tá údar ceiliúrtha ar fud na tíre, go háirid ina áit dhúchais Corcaigh, ó chroch Cillian Murphy leis Oscar an Aisteora is Fearr ag Gradaim an Acadaimh i Los Angeles aréir.
Ach tá gliondar ar leith ar Mhuintir Dhuibhneach i gCiarraí.
Tá dlúth-cheangal ag an aisteoir, ag a chlann agus ag a mhuintir leis na dúthaigh sin agus le Fionn Trá agus Baile an Fheirteáraigh go speisialta le blianta fada agus cé gur Corcaíoch go smior é, is ann a tháinig criú as Meirceá le gairid le mír speisialta a thaifeadadh don chlár '60 Minutes'.

Thug Cillian Murphy tús áite do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne sa tuairisc sin atá feicthe ag na milliúin ar fud an domhain.
Labhair scata de mhuintir na háite -
leithéid an scríbhneoir agus stiúrthóir Brenda Ní Shúileabháin; Diarmuid Mac an tSaoir as Tigh an tSaorsaigh ar an mBuailtín agus Mairéad de Staic ó Choiste Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Dhaingean Uí Chúis -
le Marian O'Flaherty agus beidh an tuairisc ar Nuacht TG4 ag 1900.