Tá an tUachtarán Michael D Higgins tar éis "feachtas bolscaireachta" dírithe in aghaidh na Náisiún Aontaithe a cháineadh agus tá sé ag iarraidh ar thíortha na cruinne an maoiniú fóirithinte a churtar ar fáil d’UNRWA (Áisíneacht na Náisiún Aontaithe ar son Theifigh na Palaistíne) a mhéadú.
Tharraing go leor tíortha - Meiriceá agus an Bhreatain i measc riar eile - siar ón tacaíocht a bhídís a thabhairt d’UNRWA mar thoradh ar líomhaintí Iosrael go raibh baint ag cuid de mheitheal na hÁisíneachta leis an ionsaí a rinne Hamas ar Iosrael an 7ú Deireadh Fómhair.
"Is mór an náire agus is scannal é an feachtas bolscaireachta" a dúirt a Shoilse an tUachtarán tráthnóna "atá scaoilte in aghaidh na Náisiún Aontaithe atá ag obair go cróga ar an líne thosaigh i nGaza - meitheal leighis, lucht bia agus fóirithinte ag obair sa ngéar-chruatan, agus na daoine eile gairmiúla in UNRWA, fiú agus breis is 160 dá gcuid comhghleacaithe caillte acu."
Deir an tUachtarán go bhfuil níos mó ná $450 milliún (€412 milliún) tógtha as ciste UNRWA agus deir sé go gcaithfidh tíortha "a chur san áireamh anois an méid atá le feiceáil ag cách ar an teilifís – páistí beaga ag fáil bháis ceal ocsaigine, tuilleadh fós ag fáil bháis leis an ocras, agus níos measa fós le theacht."
An tseachtain seo caite dúirt Ceann Feadhain UNRWA Philippe Lazzarini go raibh mí-eolas á scaipeadh in aon turas "i bhfeachtas comhbheartaithe, feachtas d’aon ghnó atá ar bun leis an mbonn a bhaint d’obair na hÁisíneachta, agus an obair sin a chur ó mhaith ar fad i ndeireadh thiar."
D’fhógair Rialtas na hÉireann cuidiú sa mbreis, luach €20 milliún, d’UNRWA an mhí seo caite.
D’ímpigh an tUachtarán inniu ar thíortha eile "sampla na hÉireann a leanacht agus maoiniú fóirithinte a mhéadú chuig an Áisíneacht ríthábhachtach seo" agus chuir sé fáilte roimh fhógra Rialtas Cheanada agus Rialtas na Sualainne atá tar éis a ghabháil siar ar an gcinneadh a bhí déanta acu maoiniú chuig UNRWA a laghdú.