Tá leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dtrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu.
B'iad an tIRA a bhí freagrach as na dúnmharuithe seo agus dúirt Michelle O'Neill inniu go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na trioblóidí ó thuaidh.
Bhí Michelle O'Neill ag labhairt agus tuairisc Oibríocht Kenova foilsithe.
Insíodh ann faoin mbealach ar úsáid Arm na Breataine brathadóirí ag an am agus an caidreamh a bhí ag an arm leis an ghníomhaire,Freddie Scappatacci.
D'admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht.
Dúirt Michelle O'Neill go raibh sí meáite ar na créachtaí ar fad a d'fhulaing daoine de bharr na dtrioblóidí a chneasú.
Dúirt an Tánaiste,Micheál Martin gur cheart do Shinn Féin a rá amach go soiléir anois go raibh an cogadh a bhí ar bun ag an IRA sa Tuaisceart mí-cheart.