'Fágadh daoine marbh nó a mbeatha i gcontúirt ar mhaithe le gníomhaire de chuid na bhfórsaí slándála a chosaint'.
Sin atá ráite i dtuarascáil a foilsíodh inniu maidir le Oibríocht Kenova.
D'fhiosraigh sé sin an caidreamh a bhí idir an gníomhaire, Freddie Scappaticci agus Arm na Breataine le linn na dtrioblóidí ó thuaidh.
Tháinig breis is 100 dunmharú agus fuadach faoi anáil an fhiosraithe seo a chosain £40m agus a chaith 7 mbliana i mbun a chuid oibre.
Dúradh go bhféadfaí cuid díobh sin a sheachaint dá ngníomhódh Arm na Breataine agus póilíní an RUC mar a bhí ar an eolas.
'Níor dearnadh sin' a dúradh 'mar gur léir nár theastaigh óna húdaráis go gcuirfí i mbaol beatha an ghníomhaire Scappaticci nó 'Stakeknife' mar a thugtaí air.
Glactar leis sa tuairisc seo go raibh a dhúshlán féin ann do na fórsaí slándála sa mhéid is go raibh an t-eolas a bhí acu tearc agus teoranta agus go gcaithfí gníomhú ar ala na huaire.
Bhí Scappaticci san IRA ach ag soláthar eolais do na fórsaí slándála ag an am céanna.
Caitear léargas sa tuairisc seo faoina ról i ndúnmharú dhaoine a raibh sé ráite fúthu gur bhrathadóirí iad.
Dúnmharuithe iad seo a tharla le linn na dtrioblóidí ó thuaidh.
Ceaptar go raibh baint ag 'Stakeknife' le dúnmharú idir 12-18 duine ar fad.
Anuraidh a bhásaigh Scappaticci in aois a 77 bliain.
Bhí air teitheadh as Tuaisceart Éireann nuair a tháinig sé amach go raibh sé ag obair faoi rún leis na fórsaí slándála ó thuaidh sna hochtóidí.