Tá maoiniú €10 milliún fógartha ag an Rialtas inniu i gcomhair earnáil ealaíon na Gaeilge.
Gheobhaidh An Taibhdhearc i nGaillimh €5.8 milliún den airgead a fógraíodh agus gheobhaidh Oireachtas na Gaeilge €4 mhilliún le plean gníomhaíochta a fhorbairt ar fud an Stáit.
Cé go bhfuil An Taibhdhearc aitheanta le fada mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, tá easpa maoinithe ag cur bac ar lucht a riartha clár cuimsitheach ealaíne a chur ar an ardán.
Mar chuid de Straitéis na nEalaíon Teangabhunaithe a d'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan inniu, méadófar maoiniú na Taibhdheirce ó €380,000 sa bhliain go dtí €5.8 milliún i gcaitheamh na dtrí bliana as seo go 2027.
Dúirt Cathaoirleach na Taibhdheirce Siobhán Nic Fhlannchadha go bhfostóidh an amharclann Stiúrthóir Ealaíne lánaimseartha chomh maith le Bainisteoir Airgeadais agus Riaracháin. Bunófar compántas d’aisteoirí gairmiúla fosta.
"Is gá go mbeadh Gaeilge ag an fhoireann a cheapfaí i gceannas ar chur i bhfeidhm an chláir ealaíne agus ag bord na hamharclainne," a dúirt Siobhán.
Gheobhaidh Oireachtas na Gaeilge €4 mhilliún le plean gníomhaíochta don drámaíocht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar fud an Stáit as seo go deireadh na bliana 2027. É seo sa bhreis ar an bhundeontas reatha a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil dóibh mar cheanneagraíocht Gaeilge le féile agus comórtais Oireachtas na Samhna a eagrú.
Tá sé i gceist an Cumann Scoildrámaíochta, a bhí faoi cheannas na Roinne Oideachais go dtí seo, a thabhairt faoi choimirce Roinn na Gaeltachta agus an Oireachtais. Cuirfear borradh arís faoi earnáil na drámaíochta amaitéaraí i bpobail Ghaeltachta agus i gcoláistí tríú leibhéal. Bhí na cumainn seo faoi stiúir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta go dtí seo ach tá an ghluaiseacht imithe i léig go mór le scór bliain.
Tá súil ag lucht drámaíochta amaitéaraí na Gaeilge go spreagfaidh fógra maoinithe an lae inniu scríbhneoirí le dul i mbun pinn arís agus aisteoirí pobail le filleadh ar an ardán.
Dúirt Micheál Ó Meallaigh, iareagarthóir coimisiúnaithe le TG4 agus a chaith blianta le compántas drámaíochta pobail i gCo Dhún na nGall, gur a bhuí le cumainn drámaíochta amaitéaracha sa Ghaeltacht agus sna coláistí a bhí soláthar leanúnach aisteoirí ar fáil do dhrámaí teilifíse.
"Tá súil agam nach bhfuil an straitéis agus an maoiniú seo rómhall ag teacht agus go bhfeicfidh muid a thoradh. Ní bheidh todhchaí ann don drámaíocht Ghaeilge mura mbeidh aisteoirí agus scríbhneoirí sásta teacht chun cinn", arsa sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ