skip to main content

Gearán déanta faoi fheirm sliogéisc i ndeisceart na Gaillimhe

An fheirm sliogéisc in Eachinis
An fheirm sliogéisc in Eachinis

Tá gearán déanta ag coiste pobail i ndeisceart Chontae na Gaillimhe leis an gComhairle Contae agus le Roinn na Mara fé fheirm sliogéisc a líomhnaíonn siad atá ag feidhmiú gan na ceadúnais chuí sa cheantar.

In 2019 a lorg Sliogéisc Siar Teoranta ceadúnas chun gnó feirmeoireacht oisrí a bhunú i mbá Eachinse atá ar an dteorainn idir Co na Gaillimhe agus Co an Chláir.

Cé go ndiúltaíodh don iarratas ar dtúis, tugadh ceadúnas dobharshaothraithe don ngnó in 2023.

Le cúpla mí anuas, bhí obair tosnaithe chun na hoisrí a chur ag fás ar 'bheirtreacha' atá déanta as cruach atá leagtha ar an dtráigh anois.

Tá imní mhór léirithe sa cheantar, áfach, fén tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt. D’fhreastail suas le 150 duine ar chruinniú poiblí le deanaí agus beartaíodh dul i mbun feachtais chun an fheirm a stop.

'Beirtreacha' cruach i mbá Eachinse

Dúirt Kevin Keane ón ngrúpa feachtais ná raibh aon chead ag na tionscnóirí tosnú ar an obair ar an gcladach.

"Is ceantar speisialta caomhnaithe an áit seo agus níor cheart a bheith ag forbairt feirm éisc anseo. Ní raibh ceadúnas urthrá ag an gcomhlacht, mar sin níor cheart aon obair a bheith déanta anseo nó go mbeadh an ceadúnas san fachta".

Dúirt Éamon Coy ó Choiste Forbartha Chinn Mhara ná raibh aon phlé déanta leis an bpobal áitiúil fén bplean agus ná raibh aon ghlacadh acu leis. Dar leis go loitfeadh a leithéid d’fhorbairt an ceantar agus dheimhnigh sé go raibh feachtas tosnaithe chun cur i gcoinne ceadúnas a thabhairt don bhfeirm.

Thug Comhairle Chontae na Gaillimhe le fios go raibh gearáin fachta acu fén bhforbairt agus go raibh na gearáin sin curtha ar aghaidh acu go dtí an tUdarás Rialála Limistéir Muirí.

Dúirt duine de stiúrthóirí Shliogéisc Siar Teoranta go raibh iarratas á dhéanamh acu ar Roinn na Mara chun ceadúnas urthrá a fháil. Dúirt sé ná raibh sé in ann aon rud eile a rá fé láthair mar go raibh fiosrúchán ar bun maidir leis an suíomh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ